PDF Print E-mail

An Dáimh Amhránaíocht Dhúchasach

Mise scoláire léinn is eagna
Sean-nós mo shlí
Is í an ceol mo bhachall
Is é an mheadaracht mo shlat
Gach Focal ‘na choiligh sheasamh.
Gach scéal go h-eiribeal siar.
Mór mo ghrádha do nithe ársa
Árd mo mheas ar aois agus críonnacht
Géar mo radharc ar sruth an ama.
Mín mo mheilt ar nithe nua
Dia im chumadach faoi bhrat na fírinne
Umhal mo mhian faoi smacht mo chéird is dámh

 

Is é an Dáimh Amhránaíocht Dhúchasach an chéad Dáimh a cuireadh ar bun san Acadamh. Deanadh é seo le cabhair an scéim Aislinn Gheal a bhí ar bun i gceantar Mhúscraghe chun amhránaíocht do chur chun cinn. Is í Gobnait Ní Chrualaoi an Éarlamh ar an ndáimh seo i láthair na huaire agus suíonn an Dáimh féin gach Ceadaoin i mBialann an Mhuilinn i mBaile Mhuirne ar a 9:30 - 12:30 istoiche.

 Is é Peadar Ó Riada an 'Seanacha' a bhíonn ag teagasc de ghnáth ach bíonn múinteóirí is údair eile i gcathoir an tseanachaí leis. Bíonn na scoláirí ag obair ar a gcuid amhráin is tógraí féinig agus cuirtear cúpla ceann faoi bhráid na Dáimhe gach seachtain chun go gcuirfí leo. Roim deireadh na hoiche is minic a cuirtear ainm gach naon i láthair ar chrannchur agus roinntear an dáimh ina scoláirí is múinteóirí.

Cuireann an muinteoir teagasc ar amhránaíocht an scoláire atá curtha ina theannta ar chrannchur don oiche áirithe sin agus ansan deineann an chuid eile den nDáimhm moltóireacht ar mhuineadh an múinteóra. Tá an Dáimh de shíor ag bailiú amhráin ó foinsí éagsúla agus bíonn i gcónaí fíor fáilteach roim aon cháipéisí nó taifid nó grianngrafanna a brontar orthu.

 
 
 
 
Joomla 1.5 Templates by Joomlashack